Читать книгу The Picture of Dorian Gray - Oscar Wilde - Страница 4
ОглавлениеIs í Amharclann na Mainistreach amharclann náisiúnta na hÉireann. W.B. Yeats agus an Bantiarna Augusta Gregory a bhunaigh í. Bhí, agus tá, ról ríthábhachtach agus go deimhin, ról a bhí sách conspóideach go minic, ag an amharclann i saol liteartha, sóisialta agus cultúrtha na hÉireann ó d’oscail sí a doirse den chéad uair i 1904.
Léiríonn Amharclann na Mainistreach clár amharclannaíochta as Éirinn agus ó thíortha thar lear in aghaidh na bliana atá ilghnéitheach, tarraingteach agus nuálach agus infheistíonn sí a cuid acmhainní i nua-scríbhneoirí agus nua-ealaíontóirí na hÉireann agus cuireann sí chun cinn iad.
Déanaimid é sin tríd an scríbhneoir agus an t-amharclannóir a chur i gcroílár an uile ní a dhéanaimid, trí shaothar nua spreagúil a choimisiúnú agus a léiriú agus trí dhioscúrsa agus díospóireacht a chruthú i dtaobh cheisteanna polaitiúla, cultúrtha agus sóisialta na linne. Is é atá mar aidhm again ealaín amharclannaíochta den scoth a láithriú i gcomhthéacs náisiúnta ionas go mbeidh dáimh ag lucht ealaíne agus lucht féachana araon leis na scéalta a bhíonn á n-aithris ar an stáitse.
In imeacht na mblianta, rinne Amharclann na Mainistreach saothar mórdhrámadóirí ar nós J.M. Synge agus Sean O’Casey a chothú agus a chéadléiriú, mar a rinne sí freisin i gcás clasaicí comhaimseartha ó dhrámadóirí amhail Sebastian Barry, Marina Carr, Bernard Farrell, Brian Friel, Thomas Kilroy, Tom MacIntyre, Frank McGuinness, Tom Murphy, Mark O’Rowe, Billy Roche agus Sam Shepard. Leanamid de thacnaíocht a thabhairt do scribhneoireacht nua in Amharclann na Mainistreach tríd ár bproíseas coimisiúnaithe agus ár gclár nua do dhrámadóirí.
Ní féidir aon ní den chineál sin a thabhairt i gcrích gan ár lucht féachana agus na deontóirí a thugann cabhair airgid dúinn. Sholáthair Annie Horniman tacaíocht airgid ríthábhachtach don Mhainistir siar i mblianta tosaigh na hamharclainne. Agus lean iliomad daoine eile an dea-shampla ceannródaíochta sin uaithi ó shin trí infheistíocht a dhéanamh inár gcuid oibre agus tacaíocht a thabhairt dúinn.
Go raibh maith agaibh.