Читать книгу Town Is Dead - Phillip McMahon - Страница 4

Оглавление

IS Í AMHARCLANN NA MAINISTREACH amharclann náisiúnta na hÉireann.

W.B. Yeats agus an Bantiarna Augusta Gregory a bhunaigh í. Riamh anall ón uair a osclaíodh a doirse i 1904, ghlac an amharclann ról an-tábhachtach agus, go minic, ról a bhí sách conspóideach, i saol liteartha, sóisialta agus cultúrtha na hÉireann.

Tá an scríobhneoir agus and t-amharclannóir i gcroílár a dhéanaimid anseo san amharclann, trí shaothar nua spreagúil a choimisiúnú agus a léiriú agus trí dhioscúrsa agus díospóireacht a chruthú i dtaobh cheisteanna polaitiúla, cultúrtha agus sóisialta na linne. Is í an aidhm atá againn amharclannaíochta den scoth a láithriú i gcomhthéacs náisiúnta ionas go mbeidh dáimh ag lucht ealaíne agus lucht féachana araon leis na scéalta a bhíonn á n-aithris ar an stáitse.

I 1905 is ea a chuaigh complacht Amharclann na Mainistreach ar camchuairt idirnáisiúnta den chéad uair agus leanann sí i gcónaí de bheith ina hambasadóir ar fud an domhain d’ealaíona agus cultúr na hÉireann.

In imeacht na mblianta, rinne Amharclann na Mainistreach saothar mórdhrámadóirí ar nós J.M. Synge agus Sean O’Casey a chothú agus a chéadléiriú, mar a rinne sí freisin i gcás clasaicí comhaimseartha ó dhrámadóirí amhail Sebastian Barry, Marina Carr, Bernard Farrell, Brian Friel, Thomas Kilroy, Frank McGuinness, Tom Mac Intyre, Tom Murphy, Mark O’Rowe agus Billy Roche.

Tugaimid tacaíocht chomh maith don ghlúin nua Scríbhneoirí Éireannacha in Amharclann na Mainistreach, lena n-áirítear Richard Dormer, Gary Duggan, Shaun Dunne, Stacey Gregg, Nancy Harris, David Ireland, Jimmy McAleavey, Owen McCafferty, Phillip McMahon, Elaine Murphy, Sean P. Summers, Michael West agus Carmel Winters.

Ní féidir aon ní den chineál sin a thabhairt i gcrích gan ár lucht féachana agus ár lucht tacaíochta. Sholáthair Annie Horniman tacaíocht airgid ríthábhachtach don Mhainistir siar i mblianta tosaigh na hamharclainne. Lean iliomad daoine eile an dea-shampla ceannródaíochta sin uaithi ó shin trí infheistíocht a dhéanamh inár gcuid oibre agus tacaíocht a thabhairt dúinn.

Táimid fíor bhúich don tacaíocht airgeadais atá le fail ón Chomhairle Ealaíon.

Town Is Dead

Подняться наверх